15/04/2026
Fuair Eamonn Mac Giolla Choill, as Bun na Leaca, Gaoth Dobhair ach a raibh conaí air i mBaile Átha Cliath, bás tobann sa bhaile ar an 9ú lá de mhí Aibreán 2026.
Ar shlua na bhfíréan roimhe, tá a athair Francie agus a dheartháir Mícheál.
Maireann a bhean chéile Gabriela, a mhac Liam, a mháthair Caitlín, a dheirfiúracha, a dheartháireacha, nianna agus neachtanna.
Suaimhneas Síoraí dá anam uasal.
Beidh an teach go hiomlán príobhaideach don teaghlach amháin.
Ceiliúrfar Aifreann an Tórraimh Dé Domhnaigh, 19ú Aibreán, ag a 1 a chlog i dTeach Pobail Cholmcille, Cnoc Fola.
Créamadh príobhaideach ina dhiaidh sin.
Beidh an tAifreann le feiceáil beo ar leathanach Facebook Coyle Funeral Directors.